Lámhachadh agus maraíodh triúr – buachaill, cailín agus bean sna daichidi – agus gortaíodh fear go dona i nDroichead Mhig Uidhir i gCo Fhear Manach ar maidin inniu.
Is i dteach cónaithe i gceantar tuaithe a tharla an t-uafás agus ba ón teaghlach céanna an ceathrar.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar 8.20 ar maidin agus fuair siad an ceathrar sa teach go gairid ina dhiaidh sin.
Bhásaigh duine de na páistí agus an bhean ar an mball agus tugadh an páiste eile chun an ospidéil in Inis Ceithleann, áit ar bhásaigh sé nó sí tráthnóna.
Tugadh an fear ar héileacaptar othar go dtí Ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste, mar a bhfuil sé go dona tinn.
Dhearbhaigh na póilíní tráthnóna go bhfuil fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe acu ach nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine.
Thug siad le fios freisin go raibh teagmháil áirithe ag na húdaráis leis an teaghlach san am a caitheadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ