Ní a fhios fós cén costas deiridh a bheas ar an iarnród faoi thalamh – an meitreo – atá le tógáil idir lár Bhaile Átha Cliath agus Sord i dtuaisceart an chontae, ach tá a fhios go mbeidh sé níos airde ná mar a measadh roimhe seo, dar le stiúrthóir an togra Seán Sweeney.
Dúirt an Suibhneach go bhféadfaí tús a chur leis an obair thógála in 2027 dá dtabharfaí cead pleanála don mheitreo faoi dheireadh an tsamhraidh seo.
Thug sé le fios, áfach, go bhfuil neart réamhoibre fós le déanamh agus "go gcaithfimid cur ina luí ar chomhlachtaí tógála idirnáisiúnta go bhfuilimid dáiríre faoin togra".
Ina cheann sin, arsa sé, cé go bhfuil sé mar aidhm an meitreo a bheith críochnaithe faoi 2035 gur dóichí go mbeidh athbhreithnithe breithiúnacha ann agus go gcaithfear lá an chaighdeáin a chur siar dá mbarr.
Tá an tionscadal á bhreithniú ag an gCoimisiún Pleanála le beagnach trí bliana.
Moladh an plean i dtosach sa bhliain 2000 ach cuireadh é ar an méar fhada mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ