Tá ceannairí an Chomhrialtais agus airí sinsearacha ag teacht le chéile inniu lena mbeannacht a thabhairt do leagan nuashonraithe den Phlean Forbartha Náisiúnta atá le cur i bhfeidhm idir 2026 agus 2030.
Tá €100 billiún le hinfheistiú i mórthograí bonneagair sa Stát i gcaitheamh na gcúig bliana sin – idir athchóiriú ar a bhfuil ann cheana agus bhonneagar úrnua.
Tithíocht, iompar, fuinneamh agus uisce na hearnálacha atá i dtreis.
Chomh maith le dul i ngleic leis na heasnaimh sna seirbhísí sin, tá sé mar aidhm ag an bplean iomaíocht idirnáisiúnta na tíre seo a fheabhsú.
Is amárach a fhógrófar go poibí an plean nuashonraithe, in éineacht le Ráiteas Eacnamaíochta an tSamhraidh, agus leagfar amach na buiséid a bheas ag na ranna rialtais agus na fóntais éagsúla de réir an phlean.
Ní fhógrófar go ceann cúpla mí eile fós, áfach, liosta iomlán na dtograí a bhfuiltear le tabhairt fúthu.
Fógróidh an Rialtas amárach freisin go bhfuil €100 billiún eile le hinfheistiú i mbonneagar an Stáit sna cúig bliana i ndiaidh 2030.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ