Tá sé fógartha ag na póilíní i Sasana nach gcuirfear an dlí ar an ngrúpa rap as Béal Feirste Kneecap as an méid a dúirt siad ar an stáitse ag Féile Glastonbury trí seachtaine ó shin.
Baineann an scéal leis an gcás dlí atá á thabhairt in aghaidh Kneecap thall faoi bhratach aitheantais Hezbollah a nochtadh le linn ceolchoirme i Londain anuraidh, cás atá le héisteacht an mhí seo chugainn.
I ráiteas a eisíodh inniu, dúirt póilíní Avon and Somerset gur fhiosraigh siad a ndúirt Kneecap ag Glastonbury faoin gcás dlí sin agus go ndeachaigh siad i gcomhairle leis an tseirbhís ionchúiseamh faoi.
Tar éis dóibh a machnamh a dhéanamh ar an gcomhairle sin, a dúirt na póilíní, chinn siad gan dul níos faide lena bhfiosrúchán ar an mbonn nach raibh dóthain fianaise ann agus gur éadóichí go gciontófaí Kneecap in aon choir dá bhíthin sin.
Dúirt na póilíní gur chuir siad an cinneadh in iúl do Kneecap ar maidin inniu.
Thug siad le fios freisin go bhfuil fiosrúchán ar bun acu i gcónaí faoin méid a dúirt an grúpa punk rap Bob Vylan ar an stáitse ag Glastonbury an oíche chéanna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ