Tuairiscítear ar nuachtán an Wall Street Journal go bhfuil ainm Donald Trump i litir phearsanta a seoladh chuig an gciontóir gnéis nach maireann Jeffrey Epstein.
Deirtear go bhfuil an litir in albam a cuireadh i dtoll a chéile in 2003 in ómós bhreithlá 50 bliain Epstein, ar infheisteoir airgeadais mór le rá é agus a raibh daoine ceannasacha ar a chúl.
Is trí bliana ina dhiaidh sin – in 2006 – a tháinig na chéad líomhaintí chun cinn faoin drochúsáid ghnéasach ar ciontaíodh Epstein ann ar deireadh.
Bhásaigh Epstein i bpríosún i Nua-Eabhrac in 2019.
Ní mó ná sásta atá Trump faoin tuairisc a foilsíodh ar an Wall Street Journal inniu.
Mhaígh sé gur litir bhréige a bhí sa litir agus gheall sé go gcuirfeadh sé an dlí ar an nuachtán agus ar a úinéir, an toicí cáiliúil Rupert Murdoch.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ