Tá feachtas uachtarántachta tosaithe ag an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly.
Ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin ar RTE Raidío na Gaeltachta mar maidin, dúirt Catherine Connolly go raibh si 'ag streachailt' leis an gceist le tamall, agus nach cinneadh a rinne sí go tobann.
Bhí sí á ceistiú féin agus amhrasach go leor faoina hainm a chur chun cinn.
Ach bhreathnaigh sí siar ar na teachtaireachtaí tacaíochtaí atá sí a fháíl le bliain go leith anois lena cinneadh a dhéannamh, teachtaireachtaí a bhí ag impí uirthi, a dúirt sí, seasamh don uachtarántacht.
Maidir le fís, dúirt Catherine Connolly gurb í an deighilt idir chosmhuintir na hÉireann agus a gcuid rialtas is mó a chuir frustrachas agus fearg uirthi thar na blianta mar ionadái poiblí, agus gur sheas sí ar son na cosmhuintire ina saol poiblí.
Ach tuigeann sí, a deir Catherine Connolly, na srianta atá ar an Uachtarán labhairt amach faoi cheisteanna polaitiúla.
Tá taithí mhór aici mar shiceolaí cliniciúil, mar abhcóide agus mar ionadaí poibilí a deir sí, taithí a chuireann cluas le héisteacht don phobal uirthi agus a sheasfaidh leí san fheachtas.
Deir Catherine Connolly go bhfuil tacaíocht faighte aici ó na Daonlathaigh Sóisialta agus Pobal Roimh Bhrabús ach nach bhfuil na sonraí faoin tacaíocht sin oibrithe amach aici. Deir sí gurb í fhéin a rinne maoiniú ar a cuid feachtais polaítíochta go dtí seo agus nar ghlac sí le síntiúís riamh.
Bhí cruinniú aici le Páirtí an Lucht Oibre inné, agus tá an páirtí sin agus Sinn Féin i mbun macnaimh faoi thacú leí. Le tacaíocht ó theachtaí Dála agus ó sheanadaóirí neamhspleácha eile, tá súil go mbeidh na 20 ball den Oireachtas atá riachtach aici.
Is í an t-iar-Choimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness a bheidh ina hiarrthóir uachtarántachta ag Fine Gael.
Ba í a haimn siúd an t-aon ainm a bhí curtha chun cinn nuair a dhún an próiséas ainmniúcháin inne.
Tá ceannaire Aontú, Peadar Tóibín ag iarrraidh cnuasach de bhaill an Oireachtais a thabhairt le chéile féachaint le chomhaontú a fháil faoi iarrthóir a léiríonn a gcuid luachanna siúd a chur chun cinn.
Deir Peadar Tóibín go bhfuil an baol ann go bhfágfaí sciar den phobal as an díospóireacht sa toghchán dá mba iad Catherine Connolly augs Mairéad McGuinness amháin a bhí san iomaíocht.
Tá súil go mbeidh an toghchán ar bun ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair sula mbeidh téarma an Uachtaráin Higgins tagtha chun críche an 11 Samhain.