Tá díomá léirithe ag fear as Co. na Gaillimhe a ndearna ball de Ord Eaglasta ionsaithe gnéis air i scoil Stáit, maidir le téarmaí tagartha an Choimisiúin nua atá fógraithe ag an Rialtas.
In agallamh le Nuacht anuraidh thug Peadar Ó Máille a chaith blianta ina chigire scoile leis an Roinn Oideachais, cur síos ar an méid a d'fhulaing sé nuair a rinne bráthair ó Ord na bProinsiasach mí-úsáid ghnéis air i Scoil Náisiúnta na mBuachaillí sa Chlochán i gCo na Gaillimhe.
Naoi mbliana d'aois a bhí sé.
Dúirt sé go bhfuil cuma uileghabhálach ar na téarmaí tagartha a foilsíodh inniu mar go gcuirfear gach scoil san áireamh san fhiosrúchán, ach nach amhlaidh atá.
Dúirt sé nach bhfuil na téarmaí cuimsitheach a ndóthain agus gur ceart gur ón taobh amuigh den Stát a cheapfaí baill agus cathaoirleach an Choimisiúin.
Ina leabhar 'Sáinnithe' a foilsíodh i Nollaig 2024 dúirt Peadar gur ghá gur eachtrannaigh iad Cathaoirleach agus baill an Imscrúdaithe, de bhrí a dúirt sé "go mbeadh baill na hÉireann calctha agus báite i gcultúr na hÉireann."
Cé go bhfuil an-mheas aige ar an Bhreitheamh Michael MacGrath, dúirt Peadar go "gcaithfidh sé sin fanacht taobh istigh de dhlí na tíre seo agus é i mbun a fhiosraithe. Is é dlí na tíre seo ná NACH BHFUIL an Stát/An Roinn Oideachais 'freagrach go h-ionadach' as aon ionsaí mígheanasach ar ghasúir a rinneadh i scoileanna an Stáit, mar a rialaigh an Chúirt Uachtarach.
Cúiteamh
Tá díomá air chomh maith nach bhfuil an focal 'cúiteamh' luaite sna téarmaí tagartha ainneoin gur chuir an Fiosrúchán Scóipe béim air sin. "Agus féach ar ráiteas an Aire. Chuir an Stát dhá scéim chúitimh i bhfeidhm a cáineadh go forleathan. Chuir an Stát €31 milliún de leataobh le cúiteamh a íoc agus anuraidh chuir siad ar ais €20 milliún ar ais i gCiste an Stáit de bharr nár íocadh i gcúiteamh ach an triú cuid, de bharr chomh sriantach agus a bhí na coinníollacha sa dá scéim."
Dúirt Peadar go gcreideann sé gur beag an mhuinín a chuirfeadh íobartaigh nó marthanóirí i bhfocail an Aire Oideachais.