Tá an Rialtas le Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú maidir le líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach i scoileanna ar fud an Stáit san am a caitheadh.
Is é an Breitheamh Michael MacGrath a bheas ina chathaoirleach ar an gcoimisiún neamhspleách.
Bunófar freisin scéim chúitimh do dhaoine a d'fhulaing drochúsáid ghnéasach i scoileanna.
Gealladh i gClár an Rialtais i dtús na bliana seo go mbunófaí coimisiún imscrúdúcháin leis na líomhaintí a fhiosrú agus bhíothas ag réiteach na dtéarmaí tagartha ó shin.
Beidh obair an choimisiúin nua bunaithe ar thuarascáil réamhfhiosrúcháin a rinneadh faoi na líomhaintí agus a foilsíodh anuraidh.
Cuimsíonn an tuarascáil sin thart ar 2,000 líomhain faoi dhrochúsáid ghnéasach i mbreis agus 300 scoil.
Is í an tAire Oideachais Helen McEntee a d'fhógair tráthnóna inniu go mbunófaí an Coimisiún Imscrúdúcháin tar éis di an scéal a phlé lena Comhairí Rialtais.
Thug sí le fios gurb í an cheist is tábhachtaí atá le freagairt ag an gcoimisiún ná conas a lean an drochúsáid ghnéasach ar aghaidh chomh fada sin.
Dúirt sí freisin go gcaithfí ré dhorcha i stair an Stáit a shoilsiú agus tacú leis na daoine a d'fhulaing an drochúsáid.
Ní mór freisin, arsa sí, na dreamanna a bhí freagrach as an drochúsáid a thabhairt chun cuntais.
Cuirfear tús foirmiúil le hobair an Choimisiúin Imscrúdúcháin i gceann cúpla mí, a dúradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ