skip to main content

Máthair, iníon a maraíodh i dtubaiste bóthair adhlactha

Ómós tugtha ag pobal Charn Domhnach do Natalie agus Ella McLaughlin
Ómós tugtha ag pobal Charn Domhnach do Natalie agus Ella McLaughlin

"Folús agus cailliúint nach bhfuil cur síos air" a thug sagart paróiste Charn Domhnach inniu ar bhás Natalie agus Ella McLaughlin, an mháthair agus iníon a maraíodh i dtaisme bóthair i gCo Dhún na nGall an tseachtain seo caite.

Bhuail an gluaisteán ina raibh an bheirt agus veain faoina chéile ar bhóthar an R240 i nGleann Tóchair i gCarn Domhnach ag thart ar 6.30 tráthnóna Dé Céadaoin seo caite.

Gortaíodh athair Ella agus a deirfiúr dhá bhliain d'aois sa tubaiste freisin. Tá cóir leighis á cur ar an bheirt sin in ospidéil i nDoire agus i mBéal Feirste ach deirtear nach bhfuil ceachtar acu i mbaol báis.

Ella agus Natalie McLaughlin

Sé bliana d'aois a bhí Ella, sna fichidí a bhí Natalie.

Ag Aifreann a dtórraimh i dTeach Pobail an Chroí Rónaofa, dúirt an tAthair Con McLaughlin gur cuireadh deireadh róluath le saol na beirte.

Dúirt sé go mothaíonn daoine an phian ní amháin i gCarn Domhnach ach in áiteanna eile fosta, agus bheir sé ar ais cuimhní ó thaismí eile i mBun Cranncha nuair bhí sé féin ag obair ansin.

Na sluaite ag an Aifreann Éagnairce i Séipéal an Chroí Rónaofa i gCarn Domhnach

Tugadh buíochas i nguí an phobail do na seirbhísí éigeandála a tháinig i gcabhair ar an cheathrar i ndiaidh na tubaiste agus don fhoireann leighis sna hospidéil in Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire, sa Royal Victoria i mBéal Feirste agus in Otharlann Leitir Ceanainn.

Guíodh chomh maith ar son sláinte iníon eile Natalie, Rhea-Rose, agus páirtí Natalie, Tyrone Irwin.

Tugadh éide altra Natalie aníos chuig an altóir, chomh maith le béirín teidí a bhí ag Ella.

Dúirt teaghlach Natalie gur banaltra den scoth a bhí inti a raibh aird mhillteanach aici ar chúram agus ar aire a thabhairt dá hothair.

I ndiaidh an Aifrinn, adhlacadh an mháthair agus iníon san uaigh chéanna sa reilig le taobh an tséipéil.

Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ