skip to main content

Tórramh Diogo Jota agus a dhearthár ar siúl sa Phortaingéil

LIVERPOOL, ENGLAND - JULY 04: (SUN AND SUN ON SUNDAY OUT) Tributes are laid for Diogo Jota at Anfield on July 04, 2025 in Liverpool, England. The Liverpool player and Portugal international Diogo Jota, 28, was killed in a car crash yesterday in Zamora, Sp
Maraíodh Diogo Jota agus a dheartháir André Silva sa Spáinn ar maidin inné

Tá omós ó chroí tugtha ag cúl báire fhoireann sacair na hÉireann Caoimhín Kelleher dá iar-chomhimreoir le Liverpool, an Portaingéileach Diogo Jota, a maraíodh go tragóideach i dteannta a dhearthár i dtaisme bóthair sa Spáinn go moch ar maidin inné.

I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt Caoimhín Kelleher go raibh Diogo Jota ar dhuine de na cairde ab fhearr a bhí aige i saol an tsacair.

Bhí Caoimhín Kelleher ar bainis Jota sa Phortaingéil aon lá dhéag roimh an timpiste bóthair a tharla in aice le Zamora in iarthuaisceart na Spáinne.

Tá na sluaite ag freastal ar thórramh Jota, a bhí 28 bliain d'aois, agus a dhearthár André Silva, a bhí 25 bliain d'aois, in Porto sa Phortaingéil tráthnóna inniu.

Beidh sochraid na ndeartháireacha ar siúl in Gondomar ar chuimhais thoir Porto ag 10 a chlog ar maidin amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ