skip to main content

'Áibhéil' ar bun ag Trump dar leis an Ayatollah Khamenei

Dúirt ceannaire na hIaráine an Ayatollah Ali Khamenei go raibh Uachtarán na Stát Aontaithe ag déanamh áibhéil faoin tionchar a bhí ag ionsaithe Mheiriceá ar ionaid núicleacha na hIaráine.

Bhí sé ag labhairt ina chéad óráid teilifíse ó thosaigh na hionsaithe ag Iosrael agus Meiriceá coicís ó shin, agus dúirt go raibh bua acu ar Iosrael, agus gur raibh buile tarraingthe acu ar Mheiriceá tar éis na n-ionsaithe.

Tháinig caint Khamenei dhá lá tar éis an tsosa chomhraic a chuir deireadh leis an gcogaíocht 12 lá idir Iosrael agus an Iaráin, an comhrac is measa fós idir na tíortha sin. Dúirt Khamenei inniu nár bhain na Stáit Aontaithe aon leas as na hionsaithe a rinne siad ar na trí hionad núicleach. Thréaslaigh sé leis na náisiún 'an bua a bhí acu ar réimeas bréagach na Siónach'

Bhí a leithéid chéanna de thréaslú déanta ag Benjamin Netanyahu le pobal Iosarel Dé Máirt nuair a mhaigh sé go raibh an bua acusan.

Tháinig óráid Khamenei freisin sna sála ar an raic sna Stáit Aontaithe faoin dochar a rinneadh na hionsaithe as Meiriceá i rith na cogaíochta, raic a d'éirigh as faisnéis a sceitheadh ag tús na seachtaine.

Dar le CNN a chonaic an fhaisnéis rangaithe nach faibh roinnt de na bunchodanna de na hionaid núicleacha scriosta ag ionasithe Mheiriceá, agus nár cuireadh siar clár núicleach na hIaráine ach cúpla mí.

Bhí ceist freisin faoi an raibh cuid de na 400kg den úrániam saibhrithe curtha i bhfolach in áit eile seachas na trí hionad a buamálach.

Chuir sé seo an Uachtarán Trump ar an ionsaí agus dúirt, gan aon fhianaise a thabhairt, go raibh díothú déanta acu ar shaoráidí núicleacha na hIaráine.

Lean an anonn agus anall arís inniu agus Pete Hegseth, Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe ag maíomh go raibh 'rath stairiúil' ar na hionsaithe.

Ach dheimhnigh urlabhraí gnóthaí eachtracha ón Iaráin le Al Jazeera go raibh dochar 'suntasach' déanta do na hionaid ina thír.

Thug Donald Trump le fios go bhféadfadh cainteanna bheith ar bun idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn agus go bhféadfadh comhaontú teacht as.