skip to main content

An A5 curtha de dhroim seoil ar bhonn aeráide

Obair thógála a bhí ar bun ar an A5 mí an Mhárta gar de Mhuileann an tSiáin i gCo Thír Eoghain
Obair thógála a bhí ar bun ar an A5 mí an Mhárta gar de Mhuileann an tSiáin i gCo Thír Eoghain

Deir Comhairleoir Ceantair de chuid Shinn Féin i gCo Thír Eoghain gur buille mór an cinneadh atá déanta gan bóthar nua an A5 a cheadú ach deir sé go mbeidh an tAire Bonneagair Liz Kimmins (Sinn Féin) i Rialtas Stormont ar a dícheall ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an bóthar ag gabháil ar aghaidh.

Tá díomá mhór léirithe go forleathan ag eagrais éagsúla, ag grúpaí pobail agus ag polaiteoirí ó rialaigh an Ardchúirt i mBéal Feirste arú inné nach raibh an togra nua ag teacht le haidhmeanna Acht Athrú Aeráide Stormont.

Mí Dheireadh Fómhair anuraidh cheadaigh Rialtas Stormont £1.7 billiún don bhealach úr idir Achadh na Cloiche i gCo Mhuineacháin agus Cathair Dhoire.

Ach lorg úinéirí talún agus grúpaí timpeallachta achomharc agus d'éirigh leo san Ardchúirt Dé Luain.

2006 ar dtús a fógraíodh an togra.

Ó shin tá 57 duine maraithe i dtubaistí tráchta ar an mbóthar as Doire go Tír Eoghain.

Deir an Comhairleoir Antaine Ó Fearghaíl (Sinn Féin) i dTír Eoghain go mbeidh an páirtí agus an tAire "ar a ndícheall leis an bplean a leasú le go gceadófar an bealach."

Tá €600 milliún geallta ag an Rialtas i mBaile Átha Cliath don togra ar mhaithe le nasc níos fearr a chruthú idir an cósta thoir agus iarthuaisceart an oileáin.

Deir an Rialtas inniu go bhfuil an t-airgead sin ar fáil i gcónaí agus pléadh an t-ábhar go mion aréir i nDáil Éireann.

Deir an Cathaoirleach ar Choiste na mBóithre Trasteorann, an Comh Paul Canning i nDún na nGall go bhfuil ceachtanna le foghlaim ag na húdaráis i mBÁC, agus 3 bhealach nua le tógáil ó dheas le ceangal leis an A5 a bhí beartaithe.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag a 7.