skip to main content

'Ná scaoil anuas na buamaí sin' fainic Trump ar Iosrael

Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe fainic ar Iosrael agus ar an Iaráin faoina thuilleadh ionsaithe a dhéanamh ar a chéile.

Bhí sé ag labhairt agus é ar a bhealach as Washington chuig an Hág mar a bhfuil cruinniú mullaigh NATO ar bun inniu.

Dúirt sé go gcaithfeadh an Iaráin agus Iosrael ar aon guaim a choinneáil orthu féin tar éis dón dá thír sos comhraic a shárú thar oíche, ceann a thug sé féin i gcrích.

Tá dhá thír againn agus iad ag troid lena chéile an fhad sin nach bhfuil a fhios acu sa f**k céard atá siad a dhéanamh, a dúirt Donald Trump agus an eascainí uaidh ag léiriú an mhífhoighid a bhi air leo.

Tar éis dó labhairt le Benjamin Netanyahu, dúirt Donald Trump go gcasfaidh na heitleáin ar fad ar ais agus go dtabharfaidh aghaidh abhaile gan a fhágáil ag an Iaráin ach 'beannacht eitleáin'.

"Ní ghortófar aon duine agus beidh an sos comhraic i bhfeidhm", a dúirt sé.

Dúirt sé freisin gur labhair sé le Vladimir Putin agus gur thairig Uachtarán na Rúise cúnamh dó leis an Iaráin.

Níl sé ag iarraidh athrú réímis san Iaráin anois, a dúírt sé freisin. Bhí an seans ar athrú réimis luaite aige i bpostáil mheán sóisialta a rinne sé tar éis na n-ionsaithe a rinne Meiriceá ar ionaid núicleacha na hIaráine ag an deireadh seachtaine. Ach anois deir sé go bhfágfadh sé seo an tír in amhréidh ar fad.

Ach ní bheidh aon airm núicleach ag an Iaráin a dúirt sé arís.

Tá an Iaráin á rá anois gur maraíodh 610 sibhialtach agus gur gortaíodh 4,700 eile ansiúd ó thosaigh ionsaithe Iosrael an 13 Meitheamh. Ina measc siúd bhí 13 páiste a raibh duine amháin díobh sin dhá mhí d'aois, a deir an roinn sláinte i dTehran.

Sular tháinig an sos comhraic i bhfeidhm, láinseáil an Iaráin 14 diúracán ar ionaid mhíleata Iosrael.