Tá sé dearbhaithe ag an gCrannchur Náisiúnta gur i siopa i gCorcaigh a díoladh an ticéad buach i gcrannchur na EuroMillions arú aréir.
€250 milliún a bhí sa phota óir agus dhearbhaigh an comhlacht freisin go raibh an duais éilithe ag sealbhóir an ticéid ó shin.
Seo an t-ochtú huair déag a buadh pota óir na EuroMillions in Éirinn ó bunaíodh an crannchur in 2004, ach níor buadh duais chomh mór leis sin riamh sa tír seo.
Faoi láthair, is é €250 milliún an t-uasmhéid atá ceadaithe i bpota óir na EuroMillions.
Thug an Crannchur Náisiúnta le fios go n-ainmneofaí amárach an siopa i gCorcaigh inar díoladh an ticéad buach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ