skip to main content

Ógánach báite sa Bhearú i gCo Cheatharlach

Bádh Peter Byrne i gCo Cheatharlach inné
Bádh Peter Byrne i gCo Cheatharlach inné

Bádh ógánach seacht mbliana déag d'aois sa Bhearú i gCo Cheatharlach inné.

Bhí Peter Byrne ag snámh san abhainn i gCloch Chriostaic in aice le hÁth na Muilte in éineacht le cara leis go gairid roimh 6.30 tráthnóna inné nuair a chuaigh sé i ndeacracht.

Chuaigh an cara i ndeacracht freisin ach tháinig sé slán agus chuir sé fios ar na seirbhísí éigeandála.

I gCloch Chriostaic, ocht gciliméadar ó bhaile Cheatharlach, a tharla an tubaiste

Chuathas i mbun cuardaigh do Peter gan mhoill agus fuair tumadóirí an Gharda Síochána a chorp san abhainn ag thart ar 11 a chlog aréir.

Ba as baile Cheatharlach Peter Byrne agus dúirt méara an bhaile Fintan Phelan go bhfuil an pobal ar fad suaite go mór ag an tragóid.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ