skip to main content

Casaoid déanta le Gardaí faoi dhroch-chúram i dtithe altranais

Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, Angela Fitzgerald, i dTeach Laighean inniu
Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, Angela Fitzgerald, i dTeach Laighean inniu

Tá casaoid déanta leis na Gardaí ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte faoin droch-chaighdeán cúraim agus faoin drochíde a tugadh d'othair in dhá theach altranais de réir mar a nochtadh an scéal ar chlár faisnéise RTÉ Investigates le gairid.

An dá theach altranais atá i dtreis – Firstcare Beneavin Manor i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath agus The Residence i bPort Laoise – deir an tÚdarás go bhfuil fógra oifigiúil tugtha dóibh go gcuirfear ar ceal an cead atá acu feidhmiú mura gcuirfidh siad feabhas suntasasch ar a gcuid seirbhísí cúraim.

Is leis an gcomhlacht Emeis Ireland an dá theach altranais.

Cumas na foirne, maoirseacht agus bainistiú na foirne, easpa foirne, easnaimh rialachais, faillí i dtaifeadadh faisnéise agus an laghad gníomhaíochtaí d'othair, soilsíodh na fadhbanna sin ar fad ar an gclár faisnéise.

Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, Angela Fitzgerald, thug sí le fios go raibh cruinniú aici an tseachtain seo le hionadaithe ó Emeis Ireland leis an scannal a phlé agus dúirt sí go raibh sí sásta lena raibh á dhéanamh acu leis na fadbhanna sa dá áit a réiteach.

Tháinig Angela Fitzgerald os comhair Choiste um Shláinte an Oireachtais i dTeach Laighean ar maidin inniu le ceisteanna a fhreagairt faoin scannal ó pholaiteoirí ó pháirtithe éagsúla.

Dúirt sí ina ráiteas oscailte gur údar mór imní iompar na foirne sa dá theach altranais agus nach bhféadfaí glacadh leis.

Dúirt sí sa ráiteas leis go bhfuil Príomh-Chigire an Údaráis ag dul i ngleic leis an scéal agus go bhfuiltear ag lorg tuilleadh eolais ar Emeis Ireland faoin 23 teach altranais eile atá ag an gcomhlacht sa tír seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ