skip to main content

Lártheifneoir ag ionad núicléach san Iaráin scriosta ag Iosrael

Siopaí dúnta sa Bhasár Mór i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 17 Meitheamh 2025
Siopaí dúnta sa Bhasár Mór i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 17 Meitheamh 2025

Tuairiscítear go ndearna os cionn leathchéad scairdeitleán le haerfhórsa Iosrael ruathair bhuamála ar ionaid éagsúla san Iaráin i gcaitheamh na hoíche.

Deirtear go raibh ceann de na ruathair dírithe ar lártheifneoir ag ionad núicléach sa phríomhchathair Tehran, ceann eile ar ionad déantúsaíochta diúracán cóngarach do Tehran agus ceann eile fós ar choláiste a cheaptar atá bainteach le Gardaí Réabhlóid na hIaráine.

Sular ionsaigh siad na háiteanna sin, thug na hIosraelaigh fógra do dhaoine imeacht as ceantar áirithe in Tehran dá ngairtear Ceantar 18.

Chomh maith le hárais chónaithe, ceaptar go bhfuil foirgnimh mhíleata sa cheantar sin.

Tuairiscítear freisin gur theilg fórsaí na hIaráine dróin agus diúracáin – diúracáin hipearsonacha ina measc – le hionaid in Iosrael aréir.

Is cosúil gur ar Tel Aviv a bhí na diúracáin hipearsonacha dírithe ach níl sé soiléir cé mhéad acu a bhain sprioc amach ó tá córas aerchosanta an-sofaisticiúil ag na hIosraelaigh.

Diúracáin ón Iaráin os cionn Tel Aviv, 18 Meitheamh 2025

Níl sé soiléir ach an oiread an bhfuil sé i gceist ag na Stáit Aontaithe páirt dhíreach a ghlacadh sna ruathair atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar an Iaráin.

I ráiteas a d'fhoilsigh sé ar a mheán sóisialta féin, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nach maródh "muid" ceannaire na hIaráine an tAyatollah Ali Khamenei "go fóill".

Cá bhfios cé go baileach a áiríonn sé sa "muid" sin – na hIosraelaigh amháin nó na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh in éineacht?

Chomhairligh Trump freisin don Iaráin géilleadh gan chomha d'Iosrael.

D'fhreagair an tAyatollah Khamenei agus dúirt "nach stríocfadh na hIaránaigh do na Síónaigh go brách".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ