skip to main content

I gCúige Mumhan a ceannaíodh ticéad póta óir na EuroMillions

Luach €250 milliún atá sa ticéad pota óir
Luach €250 milliún atá sa ticéad pota óir

Tá sé dearbhaithe ag an gCrannchur Náisiúnta gur i gCúige Mumhan a díoladh an ticéad buach i gcrannchur na EuroMillions aréir a raibh luach €250 milliún sa phota óir.

Go deimhin, is é €250 milliún an t-uasmhéid atá ceadaithe i bpota óir na EuroMillions.

Ní dúradh fós cá háit go baileach i gCúige Mumhan ar díoladh an ticéad ná cathain, ach dearbhaíodh gur i siopa seachas ar líne a díoladh é.

Tá trí ráithe ag an mbuaiteoir an t-amhantar ábhalmhór a éileamh.

In 2019, bhuaigh sindeacáit as an Aill i mBaile Átha Cliath €175 milliún sna EuroMillions.

Ba í Dolores McNamara as Luimneach an chéad duine in Éirinn a bhuaigh é.

€115 milliún a bhí sa phota óir nuair a cheannaigh sí an ticéad buach i mí Iúil 2005.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ