I gcúirt i Londain, cuireadh siar go ceann dhá mhí an cás a thug na póilíní thall in aghaidh ball den ghrúpa rapcheoil Kneecap as Béal Feirste, Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
Dúirt an Breitheamh Paul Goldspring le Liam Óg Ó hAnnaidh – Mo Chara, mar a thugtar air – go gcaithfeadh sé teacht os comhair na cúirte in Westminster arís ar an 20 Lúnasa. Scaoileadh saor ar bannaí gan choinníoll é idir dhá linn.
Tá Mo Chara cúisithe i mbratach a bhain leis an eagraíocht Hezbollah a nochtadh ag ceolchoirm san O2 Forum in Kentish Town i dtuaisceart Londan ar an 21 Samhain anuraidh.
D'fhógair póilíní Londan an mhí seo caite gur chinn siad an dlí a chur ar Mo Chara tar éis dá n-aonad frithsceimhlitheoireachta físeán den ócáid a scrúdú.
Tháinig an cúisí chuig an chúirt in Westminster ar maidin inniu in éineacht le beirt bhall eile an ghrúpa, JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí) agus Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap).
Bhí na céadta daoine bailithe lasmuigh den chúirt lena dtacaíocht a léiriú do na Feirstigh, go háirithe an té a bhí le seasamh os comhair an bhreithimh i ngabhann na cúirte.

Níl glacadh dá laghad ag Mo Chara ná ag a lucht tacaíochta leis an chúis atá curtha ina leith.
Maíonn sé gur "póilíneacht pholaitúil" atá ar bun ag na húdaráis le súil Kneecap a chur ina dtost. Dar leis freisin gur iarracht atá ann aird a thógáil den sléacht atá Iosrael a dhéanamh in Gaza.
Mar leis an chúis féin, deir Kneecap gurbh amhlaidh a chaith duine éigin an bhratach ar an stáitse san O2 Forum an oíche úd.
Níor labhair Mo Chara sa chúirt ach amháin lena ainm agus a dháta breithe a dhearbhú.
Níor iarradh air pléadáil a dhéanamh – ciontach nó neamhchiontach – mar gur chaith a dhlíodóirí amhras ar bhailíocht an cháis.
Mhaígh siad gur tugadh an cás in aghaidh a gcliaint ar an 22 Bealtaine i mbliana, sé mhí agus lá i ndiaidh an chiona a líomhnaítear a rinne sé. Dar leis na dlíodóirí, ba chóir an cás a thabhairt taobh istigh de na sé mhí sin.
Tá daoine an-cháiliúla i measc fhoireann dlí Kneecap – leithéidí Gareth Peirce, Julian Assange agus Bhlinne Ní Ghrálaigh.
Tugadh le fios sa chúirt inniu fosta go mb'fhéidir go gcuirfí ateangaire Gaeilge ar fáil nuair a thiocfas Mo Chara os comhair na cúirte arís i mí Lúnasa.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ