Rinneadh loitiméireacht ar oifig dháilcheantair an Taoisigh Micheál Martin i gCorcaigh aréir.
Caitheadh péint dhearg leis an oifig i gCrois an Tornóra den tríú huair le roinnt seachtainí.
Chomh maith leis an loitiméireacht, dhearbhaigh urlabhraí an Taoisigh gur seoladh teachtaireachtaí chuig an oifig le gairid inar bagraíodh go mbeadh Micheál Martin i mbaol dá rachadh sé amach i measc an phobail i gCorcaigh.
Is annamh a bhíonn an Taoiseach san oifig ach tá daoine eile ag obair ann ar a shon.
Dúirt an t-urlabhraí gur dream frithdhaonlathach is ea na daoine atá freagrach as an loitiméireacht agus na bagairtí.
Forrmhór mór na ndaoine a bhfuil samhnas orthu faoina bhfuil ar bun in Gaza, a dúirt sé, ní bheadh aon ghlacadh acu le gníomhartha na loitiméirí.
Tá an scéal á fhiosrú ag na Gardaí i gCorcaigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ