Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh beirt deartháireacha le Jozef Puska, chomh maith le mná céile na beirte, i gcabhrú leis tar éis dó Ashling Murphy a dhúnmharú i gCo Uíbh Fhailí in 2022.
Ciontaíodh na deartháireacha – Marek Puska agus Lubomir Puska – in eolas a cheilt cé go raibh a fhios acu go bhféadfadh an t-eolas sin cuidiú leis na húdaráis Jozef Puska a chúiseamh sa dúnmharú.
Mar le mná céile na ndeartháireacha – Jozefina Grundzova agus Viera Gaziova – ciontaíodh iadsan in éadaí Jozef Puska a dhó le súil bac a chur ar na húdaráis é a chúiseamh sa dúnmharú.
Bean chéile Jozef Puska, Lucia Istokova, phléadáil sise ciontach roimh an triail in eolas a cheilt.
Ceadaíodh bannaí don chúigear agus tiocfaidh an cás os comhair cúirte arís ar an 7 Iúil, tráth a shocrófar cén uair a ghearrfar pianbhreith orthu.
Gearradh príosún saoil ar Josef Puska i mí na Samha 2023 faoi dhúnmharú Ashling Murphy, múinteoir bunscoile 23 bliain d'aois.
Ionsaíodh agus maraíodh an bhean óg ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i dTulach Mhór ar an 12 Eanáir 2022.
Dúradh i dtriail Puska gur sháigh sé Ashling Murphy aon uair déag sa mhuineál.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ