skip to main content

Feidhm ó inniu le dlí nua maidir le deonú orgán

Daoine nach mian leo a gcuid orgán a dheonú, ní mór dóibh a n-ainm a chlárú ar liosta oifigiúil neamhdheontóirí
Daoine nach mian leo a gcuid orgán a dheonú, ní mór dóibh a n-ainm a chlárú ar liosta oifigiúil neamhdheontóirí

Tá feidhm ó inniu le dlí nua faoina nglactar leis go bhfuil gach duine os cionn ocht mbliana déag d'aois sásta a gcuid orgán a dheonú tar éis a mbáis, seachas sa chás gur chuir siad a mhalairt in iúl go sonrach.

Daoine nach mian leo go mbainfí leas as a gcuid orgán tar éis a mbáis, ní mór dóibh a n-ainm a chlárú ar liosta oifigiúil neamhdheontóirí atá bunaithe faoin Acht um Fhíochán Daonna 2024.

Tá dlí mar é i bhfeidhm sa Tuaisceart le dhá bhliain.

'Dlí Dháithí' a thugtar ar an dlí sin in onóir Dháithí Mhic Gabhann, buachaill as Béal Feirste atá ag fanacht le croí nua ó 2018.

Tá íogaire na ceiste curtha san áireamh sa dlí nua sa Stát seo agus caithfear cead a fháil fós ó theaghlach an té a bhásaigh a chuid orgán a dheonú.

Mar a tharlaíonn sé, ar chúiseanna leighis, ní bhaintear leas as orgáin 1-2% de dhaoine atá tar éis bháis.

Anuraidh, rinneadh 263 obráid trasphlandaithe sa Stát, lena n-áirítear 84 orgán ó dhaoine a bhí básaithe agus 30 orgán ó dhaoine a bhí ina mbeatha.

Trasphlandú duán is mó a bhí i gceist.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ