skip to main content

Tuilleadh ionsaithe ar ionaid san Iaráin agus in Iosrael

Rinne aerfhórsa Iosrael ionsaí ar iosta ola in aice le Tehran, 16 Meitheamh 2025
Rinne aerfhórsa Iosrael ionsaí ar iosta ola in aice le Tehran, 16 Meitheamh 2025

Tuairiscítear go ndearna aerfhórsa Iosrael tuilleadh ionsaithe buamála ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, ar maidin inniu. Is cosúil gur ar ionaid in oirthear na cathrach a bhí diúracáin na nIosraelach dírithe.

Aréir, mhol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump do mhuintir Tehran imeacht as an gcathair amhail is a bhí a fhios aige go raibh mórionsaí le déanamh ag na hIosraelaigh uirthi.

Tá ráiteas Trump cáinte go láidir ag Rialtas na Síne a chuir ina leith go raibh sé ag fadú leis an gcoimhlint.

Tuairiscítear freisin gur ionsaigh na hIosraelaigh cathair Natanz, 320 ciliméadar ó dheas de Tehran, áit a gceaptar go bhfuil áiseanna núicléacha.

Rinne na hIosraelaigh ruathar chomh maith ar chathair Tabriz in iarthuaisceart na hIaráine, áit bhfuil bunáit mhór ag aerfhórsa na hIaráine.

Seo an cúigiú lá as a chéile ag na hIosraelaigh ionaid san Iaráin a ionsaí agus é mar aidhm acu, a deir siad, clár núicléach na nIaránach a chur ó mhaith.

Bhuail diúracáin ón Iaráin foirgnimh i gcathair Hertzliya in aice le Tel Aviv, 17 Meitheamh 2025

Ar an taobh eile, deir na hIaránaigh gur scaoil siad diúracáin éagsúla – dróin ina measc – le hionaid i gcathracha Tel Aviv agus Haifa i gcaitheamh na hoíche.

D'fhág Donald Trump faoi dheifir an cruinniú de cheannairí thíortha an G7 i gCeanada aréir agus tuairimíodh go mb'fhéidir go raibh sé le páirt a ghlacadh i gcomhráite faoi shos comhraic idir Iosrael agus an Iaráin.

Tá sé sin séanta go láidir aige, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ