Dúirt an tAire Tithíochta James Browne go raibh sé "an-dóchasach" go rithfí faoi dheireadh na seachtaine seo reachtaíocht nua le crios brú cíosa a dhéanamh den Stát ar fad.
Níl cead ag tiarna talún i gcrios brú cíosa an cíos a ardú níos mó ná 2% gach bliain.
Mhaígh an tAire Browne go ndeachaigh an Rialtas i ngleic leis an scéal go han-phras agus dúirt go rithfí an reachtaíocht san Oireachtas le cúnamh an fhreasúra.
Thug sé le fios freisin gur bhreathnaigh an Rialtas ar an ngéarchéim tithíochta mar "éigeandáil" agus mhaígh go raibh "fógraí an-suntasacha á ndéanamh" an t-am ar fad agus go ndéanfaí tuilleadh san am le teacht.
Dúirt James Browne nach raibh aon ghlacadh aige leis an maíomh gur dearmad a bhí ann gan an t-iarann a bhualadh nuair a bhí sé dearg an tseachtain seo caite agus crios brú cíosa a dhéanamh den Stát ar fad an t-am sin, tráth a bhí leasuithe móra ar an earnáil cíosa á bhfógairt aige.
Beidh díospóireacht faoin reachtaíocht sa Dáil amárach, agus sa Seanad an lá dar gcionn, agus meastar go n-achtófar é faoin Aoine.
Cé go bhfuil páirtithe an fhreasúra ag tacú leis an reachtaíocht, tá tuilleadh ama uathu lena chriathrú sa Dáil.
Deir siad gur faoi dheifir atá an reachtaíocht á chur faoi bhráid an Oireachtais agus gur beag cosaint atá ann do mhic léinn ná do ghnáthoibrithe.
Ceann eile de bhearta 'éigeandála' an Rialtais is ea na cumhachtaí níos láidre atá le bronnadh ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún le súil dlús a chur le tógáil tithe ar fud na tíre.
Tá sé mar chúram ar an ngníomhaireacht talamh poiblí agus príobháideach araon a aimsiú agus a chur ar fáil faoi thuairim tithíochta.
Beidh slógadh mór taobh amuigh de Theach Laighean tráthnóna ag eagraíochtaí sibhialta agus polaitiúla chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim tithíochta agus ar mhí-éifeacht an Rialtais ina leith, dar leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ