Tá bean (39) agus a hiníon nach bhfuil ach 13 bliain d'aois tar éis a bheith os comhair cúirte faoin gcíréib a tarraingíodh ar an mBaile Meánach i gCo Aontroma san oíche Dé Céadaoin seo caite.
Ní féidir ainm na mná a fhoilsiú, ar mhaithe le ainm a hiníne a choinneáil ón bpobal, ach tá an bhean cúisithe freisin i gcruálacht i leith an ghasúir.
Sa gCúirt i gCúil Raithin thug Bleachtaire de chuid an PSNI fianaise faoin gcailín a bheith "i measc na gcéadta" a bhí ag tabhairt faoi chíréib agus ag scriosadh maoine poiblí agus príobháideach.
Dúirt an bleachtaire go raibh an déagóir i láthair ar feadh dhá uair go leith agus gur facthas í ag caitheamh clocha leis na póilíní.
Tá físeán TCI aimsithe dúradh sa gCúirt a léiríonn máthair an pháiste ag breathnú uirthi ag caitheamh clocha.
Tá an bhean le feiceáil freisin agus a hiníon á bualadh ag scaird ó ghunna mór uisce de chuid na bpóilíní a bhí ag iarraidh an slua a dhíbirt, agus í le feiceáil ag tabhairt deoch le n-ól don chailín ina dhiaidh.
Scaoileadh an bhean amach ar bannaí.
Scaoileadh an cailín amach ar bannaí freisin agus í le tabhairt os comhair Cúirte arís tús na míosa seo chugainn.
Cuireadh beirt fhear siar faoi choinneáil inniu - Bobby Rainey (23) as an mBaile Meánach agus Martin Bruin Gamble (40) as Coill na Baice - agus iad cúisithe i gcíréib a tharraingt.
Deir an PSNI go bhfuil rún acu tuilleadh a chúiseamh faoin achrann a tharla tar éis agóid shíochánta a bhí eagraithe mar gheall ar ionsaí gnéis a déanadh a deirtear ar chailín beag ar an mBaile Meánach.
Deir na póilíní gur gortaíodh 64 oifigeach le linn an réabadh ach go bhfuil cúrsaí tar éis ciúnú go mór anois.