Tá an fear 57 bliain a raibh póilíní sa tóir air faoi Sheanadóir de chuid na nDaonlathach i Stát Minnesota i Meiriceá agus a fear céile a dhúnmharú gafa tráthnóna.
Bhíothar sa tóir ar Vance Boelter le 2 lá ach rugas inniu air i bhfolach i gcoill agus tá sé cúisithe as beirt a dhúnmharú agus as iarracht a dhéanamh beirt eile a dhúnmharú.
Tá sé cúisithe i ndúnmharú Melissa Hortmann, Seanadóir Stáit de chuid na nDaonlathach i Minnesota, agus i ndúnmharú a fir céile Mark Hortmann i mbruachbhaile Brooklyn Park i Minneapolis Dé Sathairn.
Tá sé cúisithe freisin i lámhach polaiteoir eile Daonlathach, an Seanadóir Stáit John Hoffman, agus a bhean chéile Yvette Hoffman, cúpla míle ó láthair an chéad ionsaí.
Cuireadh 9 bpiléar i John Hoffman agus 8 bpiléar ina bhean chéile ach deir dochtúirí go bhfuil an bheirt ina ndúiseacht anois agus go bhfuil biseach ag teacht orthu.
Deir Gobharnóir an Stáit Tim Walz (Daonlathach) gur "dearcadh polaitiúil ba chion tsiocair" leis an marú agus leis an iarracht ar mharú.
Tugadh le fios inniu gur fhág fear an ghunna feithicil a bhí cosúil le feithicil póilíní os comhair Tigh Hoffman agus go raibh liosta sa gcarr de pholaiteoirí eile.
Tá 3 raidhfil AK-47 agus gunna láimhe aimsithe chomh maith ag póilíní.
Tuairiscítear go raibh baint ag Vance Boelter le hinstitiúidí craobhscaoileadh creidimh agus gur saighdiúir tuarastail a bhí ann a chaith seal i nGaza agus san Afraic.
Má chiontaítear é, d'fhéadfaí 40 bliain príosúin a ghearradh air.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag a 7.