skip to main content

Tochailt ar thóir 796 corp páistí le tosaí faoi cheann míosa

An gairdín i gcuimhne ar 796 páistín a bhásaigh in Áras Thuama
An gairdín i gcuimhne ar 796 páistín a bhásaigh in Áras Thuama

Tá ullmhúcháin agus réamh-chartadh ar bun ar an iar-Áras Leanaí agus Máithreacha i dTuaim i gCo na Gaillimhe.

Tá súil tosaí i gceart ar an tochailt lár na míosa seo chugainn.

11 bliain ó shin a tosaíodh ag cur ceisteanna go poiblí faoin adhlacadh a fuair beagnach 800 leanbh agus páiste beag a bhásaigh san Áras le linn tréimhse 36 bliain, ó 1925 go 1961, tráth a raibh sé faoi úinéireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus faoi stiúir mhná rialta de chuid Ord na mBon Secours.

Leagadh an t-ionad sna 60í agus tógadh eastát tithe ann tús na 70í.

Ó mhaidin tá bac ar an mbealach isteach chuig an ngairdín beag i gcuimhne ar na gasúiríní agus chuig an gclós súgradh atá i lár an eastáit.

Beidh srian isteach chuig an ionad fad is a bheidh an obair ar siúl.

As seo go ceann 4 seachtainí tá limistéar 5,000 méadar cearnach le cur faoi fhiosrú dlí-eolaíoch sula dtosóidh an obair mhall leis an áit a thochailt agus na coirp a dhí-adhlacadh.

Faoi stiúir Oifig an Stiúrthóra um Idirghabháil Údaraithe, Tuaim (an ODAIT) a bunaíodh i 2022 beidh dian-chíoradh le déanamh le theacht ar an 796 leanbh atá curtha gan taifead oifigiúil.

Peter Mulryan

Tráthnóna labhair Peter Mulryan (80) faoin gcrá croí a bhaineann leis an áit. Cailleadh deirfiúir le Peter san Áras agus deir sé go bhfuil dóchas aige go dtiocfar ar réiteach, ar chlabhsúr. Deir Peter Mulryan gur ar a dheirfiúirín a chuimhníonn sé agus é ag dúiseacht gach maidin, gan fhios cá bhfuil sí curtha.

Tá seisean i measc na gcéadta daoine muinteartha leo siúd a mhair agus a bhásaigh in Áras Thuama atá ag súil go dtiocfar ar fhreagraí.

Dheimhnigh an Coimisiún Imscrúdúcháin a bhí bunaithe ag an Rialtas nach raibh taifead adhlacadh ar 796 páiste agus gasúr

Taighde éachtach a rinne staraí as an áit, Catherine Corless, a léirigh go raibh leanbháin curtha san áit a mbíodh ionad séarachais an Árais agus chuir sí an t-eolas sin os comhair an tsaoil mhóir i 2014.

An staraí Catherine Corless

Tharraing sí aird na cruinne ar an gcleachtas a bhí ag údaráis Stáit agus údaráis Eaglasta sa tír cuid mhaith den 20ú Aois nuair a cuireadh iallach ar mhná a bhí ag súil le gasúr agus gan iad pósta a ghabháil isteach in Árais Leanaí agus Máithreacha a bhí ar fud na tíre.

I 2021 dheimhnigh an Coimisiún Imscrúdúcháin gur bhásaigh os cionn 9,000 gasúr in 18 Áras a bhí faoi fhiosrú acu - 15% den líon gasúr sa n-iomlán.