skip to main content

Círéibeacha sa Bhaile Meánach den dara hoíche as a chéile

Lasadh tinte agus caitheadh buamaí peitril le póilíní ar an mBaile Meánach aréir
Lasadh tinte agus caitheadh buamaí peitril le póilíní ar an mBaile Meánach aréir

Gortaíodh seacht bpóilín déag le linn círéibeacha a bhí ar an mBaile Meánach i gCo Aontroma aréir.

Den dara hoíche as a chéile, caitheadh buamaí peitril agus ábhar coincréite leis na póilíní i lár an bhaile agus ionsaíodh tithe agus gnóthais a creideadh gur le hinimircigh iad.

Réabadh doirse roinnt tithe, briseadh fuinneoga roinnt eile agus cuireadh teach amháin ar a laghad trí thine.

Lasadh tinte i gceantar tráchtála an bhaile chomh maith.

Tá baint mhór ag paraimíleataigh dhílseacha leis an bhforéigean agus bhí bratacha dílseacha crochta i bhfuinneoga a dtithe ag daoine le súil is nach n-ionsófaí iad.

Bhain na póilíní leas as canóin uisce leis na círéibeoirí a scaipeadh agus scaoil siad roinnt piléar plaisteach freisin.

Rinneadh damáiste do thithe agus do ghnóthais sna círéibeacha

Gabhadh cúigear aréir agus tá fear 29 bliain d'aois a gabhadh le linn na scliúchas arú aréir le tabhairt os comhair cúirte sa Bhaile Meánach inniu.

Deir na póilíní gur tharla scliúchais aréir freisin i mBaile na Mainistreach agus i gCarraig Fhearghais i gCo Aontroma agus i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Thosaigh an foréigean oíche Dé Luain tar éis do bheirt ógánach teacht os comhair cúirte agus iarracht ar ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa Bhaile Meánach curtha ina leith.

Ceithre bliana déag atá an bheirt bhuachaillí agus is le cúnamh ó ateangaire a héisteadh an cás.

Dúirt aturnae na beirte go mbeidís ag pléadáil neamhchiontach sa chúis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ