Tá cathlán muirshaighdiúirí curtha go Los Angeles ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump chun dul i ngleic, a deir sé, leis na caismirtí atá ag tarlú sa chathair sin le roinnt laethanta.
700 saighdiúir atá i gceist agus deirtear go mbeidh siad ar dualgas in Los Angeles nó go dtiocfaidh tuilleadh comhaltaí den Gharda Náisiúnta chun na cathrach.
Tá 2,000 comhalta den Gharda Náisiúnta in Los Angeles ó inné agus tá 4,000 eile ar an mbealach ann.
Go hiondúil, ní chuirtear amach saighdiúirí ná an Garda Náisiúnta ach nuair nach bhfuil sé d'acmhainn ag na húdaráis shibhialta dul i ngleic le corraíl shibhialta.
Baineann an chorraíl le hiarrachtaí atá déanta ag oifigigh inimirce sa chathair le tamall ordú díbeartha a chur i bhfeidhm ar inimircigh nach bhfuil na cáipéisí cuí acu le fanacht sna Stáit Aontaithe.
Tharla tuilleadh caismirtí aréir idir léirsitheoirí agus na póilíní i gceantar Little Tokyo i lár Los Angeles.
Bhi agóidí i naoi gcathair eile ar a laghad ar fud na Stát Aontaithe aréir freisin, lena n-áirítear Nua-Eabhrac, Filideilfia agus San Francisco.
Tuairiscítear chomh maith gur scaoil póilíní "airm neamh-mharfacha" le léirisitheoirí in Austin, Texas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ