skip to main content

Gaza: seilbh gafa ag fórsaí Iosrael ar luamh daonchabhrach

Luamh daonchabhrach an Madleen á tabhairt go calafort in Iosrael
Luamh daonchabhrach an Madleen á tabhairt go calafort in Iosrael

Tá seilbh gafa ag fórsaí míleata Iosrael ar luamh carthanachta amach ó chósta Gaza a bhfuil gníomhaithe ar son na Palaistíne ar bord uirthi.

Tá lastas beag soláthairtí daonchabhrach ar an mbád chomh maith – rís agus púdar bainne den chuid is mó – siombail, a deir na gníomhaithe, ar an gcuidiú atá de dhíth go géar ar mhuintir Gaza.

Dháréag atá ar an mbád, an feachtasóir aitheanta aeráide ón tSualainn Greta Thunberg ina measc.

Aird a tharraingt ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza ab ea príomhaidhm na bhfeachtasóirí agus fios maith acu nach ligfeadh na hIosraelaigh dóibh ceann scríbe a bhaint amach.

Deir na hIosraelaigh nach bhfuil ar bun ag na feachtasóirí ach gníomh bolscaireachta ar son Hamas.

Dheimhnigh na hIosraelaigh ar maidin go bhfuil an luamh á tabhairt go calafort in Iosrael agus dúradh go seolfar ais chun a dtíortha féin na daoine atá ar bord uirthi.

Mar leis na soláthairtí daonchabhrach, deir na hIosraelaigh go ndáilfear iad ar dhaoine in Gaza in am trátha.

GAZA STRIP - JUNE 7: Injured Palestinian children are taken to Al-Awda Hospital for treatment after the Israeli army launched an attack on a house belonging to the Abu Sueayh family in the Nuseirat Refugee Camp in the central Gaza Strip on the second day of Eid al-Adha, causing many casualties and i
Leanbh Palaistíneach a gortaíodh nuair a bhuamáil na hIosraelaigh campa teifeach Nuseirat i lár Gaza, 7 Meitheamh 2025

Níl Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe dóchasach, áfach, go dtiocfar i gcabhair ar mhuintir Gaza sula mbeidh sé ina ghorta críochnaithe ann.

Ag labhairt dó ar RTÉ ar na gortuithe a bhain do leanaí go háirithe de bharr bhuamáil shíoraí na nIosraelach – gan trácht ar an ocras agus an míchothú – dúirt urlabhraí na heagraíochta sin James Elder go bhfuil scáil an bháis chomh dubh agus chomh fairsing in Gaza anois go bhfuil sé rómhall é a ghealadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ