Tá thart ar 2,000 comhalta de Gharda Náisiúnta na Stát Aontaithe tagtha go Los Angeles ar ordú an Uachtaráin Donald Trump le súil smacht a fháil, a deir sé, ar an gclampar atá tarraingthe ag léirsithe sa chathair sin.
Deir Gobharnóir California Gavin Newsom, áfach, go bhfuil ordú sin Trump mídhleathach agus gur in olcas a rachas an scéal sa chathair dá bharr.
Baineann an chorraíl le hiarrachtaí atá déanta ag oifigigh inimirce sa chathair le tamall ordú díbeartha a chur i bhfeidhm ar inimircigh nach bhfuil na cáipéisí cuí acu le fanacht sna Stáit Aontaithe.
Tuairiscítear gur caitheadh buidéil agus clocha le póilíní ag slógadh gar do Halla na Cathrach agus chuaigh léirsitheoirí sa bhealach ar ghluaisteáin ar cheann de phríomh-shaorbhealaí Los Angeles.
D'iarr Gavin Newsom ar Trump a ordú a chur ar neamhní agus an Garda Náisiúnta a tharraingt siar, á rá gur gníomh deachtóra a bhí ann seachas gníomh Uachtaráin.
Chuir an Gobharnóir i leith Trump freisin gur ag iarraidh géarchéim a chruthú a bhí sé.
Níl aon ghlacadh ag an rialtas in Washington le maíomh Newsom, dar ndóigh.
I ráiteas ón Teach Bán, dúradh go bhfaca cách an chíor thuathail, an foréigean agus an aindleathacht in Los Angeles [agus nach raibh aon rogha ag an Uachtarán ach an Garda Náisiúnta a chur ann].
Tá sé tugtha le fios ag Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Pete Hegseth, go bhféadfaí an t-arm a chur ann mura gcuirfí deireadh leis an bhforéigean.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ