Tá ordú tugtha ag Rialtas Iosrael d'arm na tíre gan ligean do bhád áirithe a bhfuil daonchabhair ar bord aige Stráice Gaza a bhaint amach.
Tá gníomhaithe ar son na Palaistíne chomh maith leis an bhfeachtasóir aeráide ón tSualainn, Greta Thunberg.
D'fhág bád An 'Madleen' an tSicil amach ó chósta theas na hIodáile an tseachtain seo caite.
Áirítear é bheith 160 muirmhíle ó Gaza anois.
Tá soláthairtí siombalacha daonna ar bord, leithéidí rís agus púdar bainne do naíonáin.
Tá sé mar aidhm ag na gníomhaithe mar a deir siad 'síor-chogaíocht Iosrael i Gaza' a stopadh.
Ach tá an t-ordú tagtha anois ó Aire Cosanta Iosrael gan ligean don 'Madleen' ceann scríbe a bhaint amach.