Is don ráta boilscthe a cheanglófar feasta an cíos atá le baint amach ar thithe nó árasáin nua-thógtha.
Ní bheidh uasteora 2% d'ardú bliantúil i gceist leis feasta.
Sin de réir na mbeartas atá ag an Rialtas agus a phléifear ag Cruinniú na nAirí Dé Máirt seo chugainn.
Cuirfidh an tAire Tithíochta, James Browne na leasuithe maidir leis na Criosanna Brú Cíosa (RPZ) faoi bhráid an Rialtais an lá sin.
Cinnteacht níos fearr a thabhairt d'infheisteoirí san earnáil tithíochta an aidhm atá leis seo a deirtear.
Tá sé ráite go gcailleann na infheisteoirí sin amach faoi láthair má ardaíonn an ráta boilscthe breis is 2%.
Deir páirtithe an fhreasúra áfach go mbeidh tionóntaí agus lucht íoctha cíosa thíos go mór leis seo.
Deir an Rialtas áfach go bhfuil go leor buntáistí ann do thionóntaí.
Ní bheidh aon athrú i gceist sa chás is go bhfanann tionóntaí sa lóistín ina bhfuil siad.
Beidh cosaintí ann freisin d'aon duine nua a théann ag fáil lóistín ar cíos faoin reachtaíocht nua atá á dréachtadh gan mhoill a deirtear.
Tá sé i gceist go mbeadh cearta ag an tionónta fanacht sa lóistín go ceann 6 bliana ar a laghad fad is nach sáraíonn sé an comhaontú sa léas.
De réir an phlean nua ceadófar ardú cíosa RPZ 2% mar atá faoi láthair agus ceadófar ansin don tiarna talún an cíos a leagan síos de réir an mhargaidh gach 6 bliana.
'Don chéad uair riamh cuirfidh sé seo deireadh le díbirt tionónta scun scan as áitreabh' a deir an Rialtas.