skip to main content

'Trédhearcacht níos fearr do chaiteachas tras-teorann'-OBP

'Trédhearcacht níos fearr do chaiteachas tras-teorann'-OBP
'Trédhearcacht níos fearr do chaiteachas tras-teorann'-OBP

Tá sé ráite ag Oifig Buiséad na Parlaiminte (OBP) anseo go bhfuil deis mhaith anois ann feabhas a chur ar thrédhearcacht bainteach le cúrsaí airgeadais i gceann de chláracha móra an Rialtais.

Baineann seo leis an mbreis is €2bn ar fad de chiste atá geallta don Togra Thuaidh-Theas 2021-35.

Tá breis is €550m curtha i leataobh go dtí seo faoi scáth an Tionscnaimh Tras-Teorann.

Deirtear i dtuarascáil áfach ón OBP nach bhfuil sé sásúil faoi láthair an t-easpa soiléireachta atá ann maidir le cén sciar den airgead seo atá curtha ag obair go dtí seo.

Leagtar amach sna moltaí ón OBP go mbeadh níos mó de chomhoibriú ar bun idir údaráis ó thuaidh agus ó dheas den teorainn i dtaca le súil a choinneáil ar chaiteachas an chiste.