skip to main content

Corp dhuine eile de ghialla Hamas aimsithe

Nattapong Pinta (T-léine dhearg ar chlé)
Nattapong Pinta (T-léine dhearg ar chlé)

Tá corp dhuine eile de na gialla a bhí á choinneáil ag treallchogaithe Hamas i Gaza ó aimsir an ionsaithe uafáis i nDeireadh Fómhair 2023 faighte anois ag arm Iosrael.

Deirtear go bhfuarthas corp Nattapong Pinta, de bhunadh na Téalainne, i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza ar maidin.

Deir na húdaráis in Iosrael go raibh Nattapong Pinta á choinneáil ag mílisteoirí Bhriogáid Mujahedeen.

Tuigtear nach bhfuil ach 20 den 55 giall atá fós á gcoinneáil le breis is bliain go leith anois, beo faoi láthair.

Níl a fhios fós an ndáilfear fóirithint i Gaza inniu agus formhór an daonra ag an tráth seo i mbaol ón ngorta a bhuíochas don imshuí atá ar bun ar an stráice le 3 mhí ag fórsaí Iosrael.

Tuairiscítear freisin gur maraíodh ar a laghad 45 Pailistíneach eile san ionsaí aeir is deireanaí i Gaza.