Tá sé tugtha le fios ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go ndéanfar athbhreithniú ar an gcaoi ar thug na Gardaí faoi dhúnmharú Tina Satchwell a fhiosrú.
Dúirt Drew Harris gur ghlac sé leis go mb'fhéidir go raibh sé follasach, ag breathnú siar ar an gcás, cá raibh corp Tina Satchwell curtha i bhfolach ag a fear céile.
Arú inné, gearradh príosún saoil ar Richard Satchwell as Tina Satchwell a dhúnmharú i dteach cónaithe na lánúine in Eochaill in oirthear Chorcaí in 2017.
In ainneoin gur chuardaigh na Gardaí an teach in 2017, ní bhfuarthas cnámhiarsmaí Tina Satchwell faoin staighre sa teach go dtí Deireadh Fomhair 2023, sé bliana go leith ó chonacthas í go deireanach.
Dúirt Drew Harris gur thuig sé cén fáth go mbeadh daoine buartha nach bhfuair na Gardaí an corp nuair a chuardaigh siad an teach an chéad uair ach os a choinne sin, arsa sé, ní bhfuair an fóiréinseolaí aon spreachall fola sa teach ag an am.
Dhearbhaigh sé go gcuirfí tuarascáil faoin athbhreithniú ar an gcás chuig an Aire Dlí agus Cirt agus chuig an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, an ghníomhaireacht reachtúil neamhspleách atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an nGarda Síochána.
Thug an Coimsinéir le fios go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh chomh maith ar chás Michael Gaine, an feirmeoir a bhí ar iarraidh agus a dúnmharaíodh i gCo Chiarraí i mí an Mhárta seo caite.
Bhí Michael Gaine ar iarraidh ón 20 Márta ach ní bhfuarthas iarsmaí a choirp ar a fheirm go dtí an 16 Bealtaine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ