skip to main content

An córas dáilithe bia i Gaza "bréagach" - an tUachtarán Higgins

Is le bunú pháirc foraoise Thír Oiléan i gcathair na Gaillimhe a cheiliúradh a bhí an tUachtarán Higgins sa chathair.
Is le bunú pháirc foraoise Thír Oiléan i gcathair na Gaillimhe a cheiliúradh a bhí an tUachtarán Higgins sa chathair.

Tá sé ráite ag an Uachtarán Michael D. Higgins go bhfuil an córas dáilithe bia i Gaza "bréagach" agus go bhfuiltear anois ag déanamh láthair coimhlinte de.

Dúirt sé chomh maith gur cinneadh "idéalach agus praiticiúil" é fógra Choláiste na Trionóide inné deireadh a chur le gach ceangal le hIosrael. Dúirt sé áfach ná bhfuil sé i gceist aige brú a chur ar ollscoileanna eile sampla Choláiste na Trionóide a leanacht.

Is le comóradh a dhéanamh ar bhunú pháirc foraoise Thír Oiléan i gcathair na Gaillimhe cúig bliana is fiche ó shin a bhí an tUachtarán Higgins i nGaillimh inniu. I gcomhthéacs an tábhachta a bhaineann le spásanna oscailte agus saoirse gluaiseachta, cháin an tUachtarán an córas dáilithe fóirithinte agus bia atá i bhfeidhm i nGaza le seachtain anuas.

Dúirt sé nach bhféadfadh sé labhairt faoi spásanna oscailte glasa gan tagairt a dhéanamh de Gaza.

Dúirt an tUachtarán Higgins nach bhféadfadh sé labhairt faoi spásanna oscailte glasa gan tagairt de Gaza

"Roimh an choimhlint seo bhí an daonra ba dlúithe ar dhroim an domhain i Gaza - cúig mhíle go leith duine in aghaidh an chiliméadair chearnaigh. Tar éis na díláithrithe go léir is 30,000 duine in aghaidh an chiliméadair chearnaigh atá ann anois - iad uilig brúite isteach i mullach a chéile.

"8% den talamh i Gaza atá ar fáil anois le húsáid arís mar thalamh curaíochta an bhliain seo chugainn… an díshealbhú seo, an gníomh seo, an smaoineamh go bhfuil an córas dáilithe bia ‘bréagach’ atá ann anois ina láthair coimhlinte."

"Mar sin caithfidh tú an rogha a dhéanamh: an gcuirfidh tú do shaol i mbaol ar mhaithe le do leanaí nó an rachaidh tú gan arán."

Dúirt an tUachtarán Higgins, gur "teip speicis é seo, cliseadh morálta. Agus iad siúd a deir gurb é nádúr an duine é, tá siad ag cur in aghaidh shainmhíniú na daonnachta."

"Creidim go ndearna Coláiste na Tríonóide a machnamh go cúramach, tomhaiste ar gach gné den cheist," a dúirt Michael D. Higgins

Coláiste na Trionóide

Dúirt sé le Nuacht gur cinneadh tábhachtach é fógra Choláiste na Tríonóide inné deireadh a chur le gach ceangal le hIosrael - go háirithe i bhfianaise bhagairtí réimeas Trump ar ollscoileanna sna Stáit Aontaithe. Dúirt sé gur cinneadh idéalach agus praiticiúil é a thosaigh le gníomh ó mhicléinn an Choláiste.

"Creidim go ndearna siad a machnamh go cúramach, tomhaiste ar gach gné den cheist. Tá an cinneadh déanta acu agus creidim go bhfuil sé i gceist acu é a chur i bhfeidhm."

Ach nuair a d’fhiafraigh Nuacht de ar cheart do ollscoileanna eile agus go háirithe Ollscoil na Gaillimhe sampla Choláiste na Trionóide a leanacht, dúirt sé nach bhfuil sé i gceist aige brú a chur ar ollscoileanna eile.

Caithfidh siad a gcinneadh féin a dhéanamh, ach ceapaim go gcaithfidh acadúlaithe ar fud an domhain seasamh a ghlacadh ar mhaithe leis an neamhspleáchais intleachtúil. Tá an baol ann go bhfuil an neamhspleáchas intleachtúil faoi bhagairt anois – má bhreathnaíon tú ar na bagairtí atá déanta ar Ollscoil Columbia sna Stáit Aontaithe agus tá go leor ollscoileanna eile ag géilleadh don mbrú sin. Sin an fáth go gcaithfidh muid seasamh ar shon an tábhachta a bhaineann le neamhspleáchas intleachtúil.

Beidh an tUachtarán Higgins in Ollscoil na Gaillimhe amárach áit a bhfógrófar go bhfuil sé leis an chartlann a bhaineann lena dhara téarma mar Uachtarán a bhronnadh ar an Ollscoil. Fógróidh an Ollscoil freisin go bhfuil sé i gceist Aula Maxima na hollscoile a athainmniú ina onóir.

Dúirt an tUachtarán Higgins go bhfuil "muid in áit an-chontúirteach faoi láthair" agus nach féidir "aon débhríocht a cheadú."

Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe

Thagair an tUacharán Higgins fosta de vóta Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe inné, inár vótáil 14 den 15 ball i bhfábhar sos cogaidh láithreach, coinníollach agus buan in Gaza.

"Táimid anois in áit an-chontúirteach neamhrialaithe inar féidir leat do rogha rud a rá. Féadfaidh tú bagairt a dhéanamh teorainn a chur le cearta gluaiseachta daoine, ar a gcumas bia a aimsiú… Ar an gceist sin ní féidir aon débhrí a bheith ann agus ... tá sé de cheart ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, beart a dhéanamh faoi United for Peace a chuirfidh cinneadh na Comhairle Slándála ar neamhní, agus déarfaidh an beart sin má shíníonn tú dlí idirnáisiúnta, ní hamháin go bhfuil tú tar éis do shíniú a chur le cáipéis ach tá tú ag tarraingt dualgais ort féin an dlí sin a chur i bhfeidhm."