skip to main content

Cead turasóirí a thabhairt go Sceilg Mhichíl arís

Turais go Sceilg Mhichíl arís ón Satharn beag seo
Turais go Sceilg Mhichíl arís ón Satharn beag seo

Tá cead tugtha do bhádóirí cuairteoirí a thabhairt go Sceilig Mhichíl as seo go dtí deireadh an tsamhraidh i ndiaidh rialú a rinneadh san Ard-Chúirt inniu.

Bhí an t-oileán le hoscailt do chuairteoirí ar an 8 Bealtaine ach cuireadh moill ar chúrsaí mar gheall ar chás dlí a thug roinnt bádóirí nach bhfuair ceadúnas ó Oifig na nOibreacha Poiblí i mbliana.

Éistfear an cás sin an mhí seo chugainn.

Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí fáilte roimh rialú na cúirte inniu agus dúirt go gcuirfí scéala chuig bádóirí gan mhoill le súil tús a chur an athuair leis na turais chun na Sceilge ó arú amárach, ag brath ar an aimsir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ