I gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn, gearradh ceithre bliana príosúin ar fhear 42 bliain d'aois as Co Dhún na nGall faoi ionsaithe gnéis a dhéanamh ar mhná agus ar chailíní nuair a bhí sé ag obair in ionad oilithreachta Loch Dearg in 2022.
I mí na Nollag anuraidh, phléadáil Thomas Gallagher as Dún Cionnaola ciontach sna cúisimh a cuireadh ina leith. Ceithre chúis déag san iomlán a bhí i gceist.
Le linn an cháis, thug na mná fianaise gur iarr Gallagher orthu cuidiú leis nuair a bhí sé ag cóiriú innill níocháin agus triomadóirí éadaigh san ionad.
Chuaigh sé isteach ar chúl an innill agus d'iarr sé ar na mná ag toiseach an innill 'píopa' mar a thug sé féin air a choinneáil ach ba é a bhod a bhí siad a choinneáil.
Phléadáil Gallagher ciontach fosta in iarracht a dhéanamh cuireadh a thabhairt do pháiste nó a chur ina luí ar pháiste baint de go gnéasach.
Bhí na mná uilig idir na déaga luatha agus aois níos sine.
Dúirt an Breitheamh John Aylmer gur gníomhartha uafásacha foréigin a rinne Gallagher in áit naofa oilithreachta.
Ghearr sé cúig bliana príosúin air agus chuir sé an bhliain dheireanach ar fionraí.
D'ordaigh sé dó clárú don tseirbhís promhaidh nuair a scaoilfí saor é agus d'iarr go ndéanfaí measúnú meabhairshláinte air agus go gcuirfí a ainm ar chlár na gciontóirí gnéis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ