Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar Richard Satchwell as a bhean chéile Tina a dhúnmharú i dteach cónaithe na lánúine in Eochaill in oirthear Chorcaí breis agus ocht mbliana ó shin.
Ciontaíodh Richard Satchwell sa dúnmharú an tseachtain seo caite.
Bhí an cás á chriathrú ag an ngiúiré ar feadh naoi n-uaire an chloig go leith sular chiontaigh siad é.
Fuarthas cnámhiarsmaí Tina Satchwell, a bhí 45 bliain d'aois, faoin staighre sa teach ar Shráid Grattan in Eochaill i mí Dheireadh Fomhair 2023, sé bliana go leith ó chonacthas í go deireanach.
Chuir Richard Satchwell in iúl do na Gardaí i mí an Mhárta 2017 go raibh a bhean chéile ar iarraidh.
Dúirt sé leo go raibh coigilteas de €26,000 a bhí ag an lánúin, go raibh sé sin ar iarraidh freisin.
Sular ghearr an breitheamh pianbhreith ar an gciontóir inniu, rinne teaghlach Tina Satchwell cur síos sa chúirt ar an gcaoi a ndeachaigh an dúnmharú i gcion orthu.
Dúirt a deirfiúr Lorraine Howard nach raibh sí ann ithe ná dul a chodladh mar go raibh sí i gcónaí ag cuimhneamh ar fhulaingt Tina agus ar an gcaoi ar folaíodh a corp.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ