skip to main content

Ardú ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna dara leibhéal ó thuaidh

Gaeilge á múineadh sna chéad trí bliana i 42% de scoileanna dara leibhéal sa Tuaisceart – taighde úr
Gaeilge á múineadh sna chéad trí bliana i 42% de scoileanna dara leibhéal sa Tuaisceart – taighde úr

Tá an Ghaeilge á múineadh sna chéad trí bliana i 42% de scoileanna dara leibhéal sa Tuaisceart, ar ardú suntsasach é sin ó 35% in 2023, de réir taighde nua a rinne Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste i gcomhair an British Council.

Mar leis na blianta A-leibhéal, agus diomaite den Bhéarla, léiríonn an taighde go bhfuil an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a ndéantar staidéar uirthi i ndiaidh na Spáinnise.

Den chéad uair riamh, is í an Spáinnis an teanga is mó a mhúintear sna chéad trí bliana freisin.

Múintear Spáinnis sna chéad trí bliana in 84.8% de scoileanna dara leibhéal an Tuaiscirt, i gcomparáid leis an 81% de scoileanna ina múintear Fraincis.

Bhí Fraincis á múineadh i 90% de scoileanna in 2023.

Tá meath suntasach tagtha ar mhúineadh na Gearmáinise i scoileanna dara leibhéal chomh maith.

Bhí an teanga sin á múineadh sna chéad trí bliana i 638 scoil in 2024, i gcomórtas le 1,390 scoil in 2002.

Deirtear sa taighde freisin go bhfuil tuairim is 30 teanga eile á labhairt sa bhaile ag daltaí dara leibhéal sa Tuaisceart, lena n-áirítear Araibis, Bulgáiris, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis agus Rómáinis.

Tá 70.5% de scoileanna ag tabhairt deis do na daltaí sin scrúduithe a dhéanamh ina dteanga baile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ