skip to main content

Fear á cheistiú faoi dhúnmharú mná i mBéal Feirste

Fuarthas corp Marie Green i dteach ar Bhóthar an Chladaigh i mBéal Feirste
Fuarthas corp Marie Green i dteach ar Bhóthar an Chladaigh i mBéal Feirste

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na póilíní sa Tuaisceart maidir le bás mná a bhfuarthas a corp i dteach i mBéal Feirste deireanach aréir.

Fuarthas corp Marie Green, a bhí 71 bliain d'aois, sa teach ar Bhóthar an Chladaigh go gairid roimh an meán oíche.

Gabhadh fear 31 bliain d'aois ar amhras go ndearna sé dúnmharú.

Tá scrúduithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ar an teach i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ