skip to main content

Éowyn: as Gaillimh, Maigh Eo an líon is mó iarratas ar chúiteamh

Fágadh 768,000 áitreabh gan chumhacht i ndiaidh Stoirm Éowyn i dtús na bliana
Fágadh 768,000 áitreabh gan chumhacht i ndiaidh Stoirm Éowyn i dtús na bliana

De réir figiúirí nua a chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil do 7Lá, cláraíodh 93,007 iarratas (gach céim) i leith 75,733 duine, luach €12.8 milliún, faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil a osclaíodh i ndiaidh an damáiste mhóir a rinne Stoirm Éowyn i mí Eanáir na bliana seo.

Is as Gaillimh a tháinig an líon is mó iarratas, is é sin 30,592; Maigh Eo ina dhiaidh sin, is é sin 17,303; agus Ros Comáin ina dhiaidh sin arís, is é sin 8,702.

Is 22,149 iarratasóir a bhfuil cinneadh déanta i leith a n-éileamh ach nach bhfuil aon íocaíocht dáfa fós maidir leis an damáiste a rinne Stoirm Éowyn.

Is féidir gach cinneadh, dearfach agus diúltach, a athbhreithniú ach sin a iarraidh. Ní bheidh a fhios líon na n-iarratas nár éirigh leo go mbeidh na hiarratais ar fad faighte agus tugtha chun críche.

Tá 21 lá ag iarratasóir le hathbhreithniú a iarraidh.

Maidir le hiarratais nach bhfuil cinneadh faighte ina leith fós, measann an Roinn go mbeidh gach iarratas próiseáilte faoi dheireadh mhí na Bealtaine.

Baineann na figiuirí leis an tréimhse suas go dtí an 22 Bealtaine 2025.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar 7Lá ar TG4 ag 8 a chlog anocht