Tá póilíní sa Phortaingéil i mbun cuardaigh gar don áit a bhfacthas go deireanach an cailín óg as Sasana, Madeleine McCann, atá ar iarraidh sa tír sin ó 2007.
Cuardaíodh an ceantar céanna dhá bhliain ó shin ach ní bhfuarthas aon ní suntasach ag an am.
Ceaptar go leanfar den chuardach is deireanaí go dtí an Aoine beag seo.
Bhí Madeleine McCann trí bliana d'aois nuair a d'imigh sí gan tásc gan tuairisc agus í ar saoire lena muintir in Praia da Luz i ndeisceart na Portaingéile.
Tionscnaíodh an cuardach is deireanaí ar iarratas ó phóilíní sa Ghearmáin atá in amhras ar fhear de bhunadh na tíre sin, Christian Brueckner, a bhí ina ina chónaí in Praia da Luz idir 2000 agus 2017.
Tá téarma príosúin seacht mbliana á chur isteach ag Christian Brueckner sa Ghearmáin faoi láthair as bean aosta a éigniú in Praia da Luz in 2005.
Ceistíodh é cheana faoi chás Madeleine McCann ach dúirt sé riamh nach raibh a fhios aige dada faoi.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ