skip to main content

Cruinniú in Istanbul críochnaithe

Na cainteanna in Istanbul
Na cainteanna in Istanbul

Dúirt Uachtarán na Tuirce, Tayyip Erdogan tráthnóna go bhfuil sé mar aidhm aige Uachtaráin na hÚcráine agus an Rúise a thabhairt le chéile féachaint le socrú síochána a fháil idir an dá thír.

Dúirt sé gurb í a mhian an tUachtarán Zelenskyy agus Putin a thabhairt chuig cainteanna réitigh, bíodh siad sin i gcathair Ankara nó Istanbul.

Cuireadh clabhsúr tráthnóna leis an dara babhta de chainteanna síochána thall sa Tuirc ag a raibh oifigigh ón Rúis agus on Úcráin i láthair.

Breis is uair a chloig a mhair comhráití i gcathair Istanbul.

Thug Uacharán na hUcráine,Volodymyr Zelenskyy le fios go mbeadh an dá thír anois ag iarraidh teacht ar chomhréiteach maidir le malartú na bpríosúnach.