skip to main content

Nawrocki, Uachtarán nua-thofa na Polainne

Nawrocki, Uachtarán nua-thofa na Polainne
Nawrocki, Uachtarán nua-thofa na Polainne

Is é Karol Nawrocki Uachtarán nua-thofa na Polainne.

Bhí oiread na fríde le spáráil aige ar maidin inniu i ndiaidh chomhaireamh na vótaí sa toghchán a reachtáileadh inné.

50.9% den sciar vótála a bhí ag an Uasal Nawrocki, sna sála air bhí an t-iarrthóir ón lár,Rafal Trzaskowski le 49.1% den vóta.

Staraí 42 bliain d'aois é an t-uachtarán nua, agus is é an 6ú uachtarán é ar an triú Phoblacht sa Pholainn.

Deirtear gur buille áfach é rogha mhóramh an phobail sa gcás seo do leasuithe áirithe atá á mbeartú ag príomh-aire na tíre sin,Donald Tusk.