skip to main content

An té a ceistíodh faoi bhás Mike Gaine 'sáinnithe san éagóir' agus é séanta aige go raibh baint ar bith aige le bás Mike Gaine

Michael Kelly i dTrá Lí inniu
Michael Kelly i dTrá Lí inniu

Deir an fear atá fé amhras i ndúnmharú Mhichael Gaine i gCiarraí ná raibh aon bhaint aige le marú an fheirmeora. Deir Michael Kelley, iar-oifigeach airm ós na Stáit Aontaithe, ná raibh aon bhaint aige le marú Mhichael Gaine. Maíonn Kelley go bhfuil eagras coiriúil faoi thalamh ag iarraidh é sháinniú agus an choir a chuir ina leith go héagórach.

Dhearbhaigh Michael Kelley (53) do Nuacht TG4 gurb é féin an té a gabhadh agus a ceistíodh I dtaoibh dhúnmharú Mhichael Gaine. Scaoileadh Kelley saor agus gan aon chúis curtha ina leith ar an 19ú Bealtaine.

Tá Nuacht TG4 tar éis labhairt le Kelley dhá bhabhta. Cuirfeadh fé agallamh é don gcéad uair i dtosach an Aibreáin sa tseana-thigh feirme ar fheirm Mhichael Gaine, mar a raibh cónaí ar Kelley ag an am. Deineadh an t-agallamh so sara ngabhadh Kelley, tráth a raibh cás Mhichael Gaine rangaithe in chás a bhain le duine a bhí ar iarraidh.

Labhair an tUasal Kelley le Nuacht TG4 arís an tseachtain seo san árasán i dTrá Lí mar a bhfuil sé ag cur fé le tri seachtaine anuas.

Deir Michael Kelley go raibh sé ina bhuachaill aimsire ar fheirm Mhichael Gaine ar feadh nach mór trí bliana.

"Bhímís ag obair as láimh a chéile. I mbun na gcaorach, ag dósáil is rudaí mar sin. Bhí taithí agam ar ainmhithe roimis sin. Bhínn ag socrú tarraiceoirí agus gluaisteáin do."

Deir Michael Kelley go bhfeacaidh sé Michael Gaine don uair dheiridh 'timeall a deich a chlog ar maidin' ar an 20ú Márta. Deir Kelley go dtug Gaine le fios go raibh sé beartaithe bualadh le fear éigin. Thug Gaine liosta jeabanna do Kelley a dhéanfadh sé I gcaitheamh an lae. Deir Kelley go bhfág sé slán aige Gaine ansan agus go bhfill sé ar an seana-thigh chun braon caifé a dh’ól. Deir Kelley gur b’shin é an uair dheiridh a chonaic sé Gaine.

"Timpeall a deich. Ní bhraitheas aon ní air. Bhí sé I mbun a chuid jeabanna, ag aistriú sadhlais is rudaí mar sin. Gnáth-jeabanna."

"D’iarr sé orm na jeabanna a dhéanamh do. Táim ag bualadh le fear éigin. Fillfidh mé níos déanaí."

"Níor fhill sé an oíche sin. Dúirt sé go bhfillfeadh sé. Thánadar ansan á lorg timpeall a deich an mhaidean dar gcionn."

Chuaigh an feirmeoir as Ciarraí ar iarraidh ar an 20ú Márta. Fuaireadh gluaisteán Gaine i mbuaile na feirme agus roinnt nithe pearsanta inti. Do lean dian-chuardach ar fheirm Gaine, chomh maith leis na gleannta agus na locha máguaird.

Deineadh uasghrádu ar fhiosrúchán Gaine ar an 29ú Aibreán agus fógraíodh gur cás dúnbhásaithe a bhí ann.

D’aimsíodh taisí daonna ar an bhfeirm nuair a bhí fearaibh oibre ag leathadh aoiligh ar pháirceanna taobh le clós na feirme. Deineadh an fheirm a iamh agus fógraíodh go raibh sé ina láthair choiriúil.

Sna laethanta a lean d’aimsíodh a thuilleadh taisí daonna i dtaincéir leaite aoiligh agus I ndamhach aoiligh I mbothán. Deir Gardaí go léiríonn tástálacha DNA go mbaineann na taisí le Michael Gaine.

Gabhadh Michael Kelley ar an 16ú Bealtaine agus é fé amhras i ndúnmharú Mhichael Gaine. Bhí Michael Kelley ag cur fé in árasán i dTrá Lí faoin dtráth san. Deir Michael Kelley ná raibh aon bhaint aige le dunmharú Mhichael Gaine. Creideann sé go mealladh Gaine go fealltach agus gur duine éigin go bhfuil baint aige le eagras coiriúil a mharaigh é.

"Ní raibh sé sa bhothán I gcaitheamh an lae, is doigh liom go gcuireadh cluain air, b’fheidir le gunna, go dtí áit folaithe. Tá cnoc ann agus shiúlófá céad slat ón mbothán agus bheithfeá imithe hiomlán as radharc."

Tá a chuid teoiricí féin ag Kelley fé mharú Gaine agus conas mar a cuireadh a chorp I bhfolach. Tá sé don dtuairim go bhfuil ceisteanna móra le freagairt ag na gárdaí fén tslí atá an fiosrúchán á riaradh acu.

Deir Michael Kelley, go gceistíodh é i stáisiún na nGardaí sa tSnaidhm agus gur glacadh ráiteas uaidh ar bhonn deonach. Gabhadh Kelley ar an 18ú Bealtaine, dhá lá tar éis dos na taisí daonna a bheith aimsithe ar fheirm Mhichael Gaine.

Mar fhreagra ar cheisteanna a chuir Nuacht TG4 chuige, deir Kelley gur bonn gnó a bhí lena chaidreamh le Gaine agus go raibh caidreamh maith oibre acu lena chéile.

"Ní déarfainn gur cairde mór sin ach réitíomair. Bhí bonn gnó lenár gcaidreamh. Thug sé lóistín agus bia do magus dhíol sé mé. Mar chúiteamh leis sin, d’oibríos ar an bhfeirm do."

"Réitíomair go maith ó thaobh na hoibre dho. Caidreamh sibhialta. Réitíomair agus thuigeamair a chéile."

"Feirmeoirí ab ea an bheirt againn. Réitíomair toisc gur fir fásta agus bhí obair le déanamh."

Bhíomair inár mbráithre talún, timpeall ar an aos céanna, spéis sna rudaí céanna, agus thaithin an bráithreachas san liom."

Deir Michael Kelley gur dheisigh sé agus go ndein sé cothbháil ar innealra agus fheithiclí Mhichael Gaine. Le linn an agallaimh le Nuacht thairig Kelley aird ar shorn nó range a bhí deisithe aige agus go raibh córas uisce te ceangailte aige leis. Bhí cadhnra tarraiceora á úsáid ag Kelley chun gléasanna teicneolaíochta a lochtadh. Dúirt sé na raibh aon chumhacht aibhléise sa tigh ach go raibh sé compórdach.

"Thairig an socrú seo mé amach as an liombó ina rabhas. Bhí gá agam le post agus bhí lóistín do dhíth orm. Bhíos ag obair liom agus bhíomair ag réiteach ceart go leor lena chéile."

Ó cheantar tuaithe i Maine sna Stáit Aontaithe do Kelley ó dhúchas. Thug sé tréimhse ina oifigeach airm in Arm Mheiriceá agus chaith sé seal fada ar dualgas sa Ghearmáin. Tá Kelley scartha óna bhean agus tá triúr iníon aige. Deir sé go dtáinig sé go hÉirinn sa bhliain 2017. Deir sé go mb’éigean dó Meiriceá a fhágaint agus dul ar a theitheadh toisc go raibh gníomhaíochtaí coiriúla á fhiosrú aige ann agus go raibh a bheatha i mbaol.

Maíonn an tUasal Kelley go bhfuil sé fós i mbaol agus tá sé go láidir don dtuairim go bhfuil eagras coiriúil ag déanamh monatóireachta air.

"Gréasán coiriúil eagraithe atá ann. Ta sé á riaradh ar an idirlíon."

Theip ar iarratas tearmainn a dhein sé anso in Éirinn. Deir Kelley go bhfuil tréimhsí fada caite aige ag maireachtaint sa bhfiantas. Bhí campa aige sa choill I bPáirc Náisiúnta Chill Áirne agus campa eile I bhforaois eile idir an tSnaidh agus Neidín. Bhí postanna éagsula aige ag garraídóireacht agus ag baint feamnaí, sara gcuaigh sé ag obair do Miachel Gaine.

Deir an tUasal Kelley gur meicneoir é agus go ndeineann sé gléasanna meicniúla a dhearadh. Le linn an agallaimh le Nuacht sa tseana-thigh feirme thairg an t-iar-shaighdiúir chuige leabhar sceitseála ina raibh mórán léaráidí peann luaidhe déanta aige féin do ghléasanna éagsúla. Deir an tUasal Kelley gur mhaith leis na léaráidí a roinnt le MI5 agus áisínteachtaí míleata eile.

Is ceoltóir Michael Kelley a bhíonn ag seinnt ceol traidisiúnta na hÉireann. Facthas le déanaí é agus é ag seinnt ceoil ar na sráideanna. Le linn a agallaimh le Nuacht do chas sé an fonn mall, An Chúilfhionn.

Deir Michael Kelley go mbuail sé le Michael Gaine don gcéad uair sa bhliain 2022 nuair a loirg sé obair air. Bhí sé ag maireachtaint i gcampa sealadach sa choill go dtí sin, dorn cileaméadar ó fheim Gaine.

"D’oir sé dom. Ar an gcéad dul síos bhí teacht agam ar bhia agus chuir sé díon ós mo chionn."