skip to main content

Os comhair na cúirte inniu, dúirt neacht le Tina Satchwell, gur deirfiúr, aintín, col ceathrair agus iníon dílis ab ea í

Léigh Sarah Howard, neacht le Tina Satchwell, ráiteas ar son theaghlach Tina os comhair na Príomhchúirte Coiriúla inniu
Léigh Sarah Howard, neacht le Tina Satchwell, ráiteas ar son theaghlach Tina os comhair na Príomhchúirte Coiriúla inniu

Dúirt teaghlach Tina Satchwell inniu go raibh anam "séimh, cineálta agus grámhar" aici.

Agus iad ag labhairt os comhair na Príomhchúirte Coiriúla i mBaile Átha Cliath inniu, i ndiaidh d'fhear céile Tina Satchwell, Richard Satchwell, a bheith faighte ciontach ina dúnmharú, thug a muintir le fios go ndearnadh bréagléiriú uirthi i rith na trialach.

Mhair an triail ceithre seachtaine agus tháinig sí chun críche inniu i ndiaidh don ghiúire naoi n-uaire go leith a chaitheamh i mbun machnaimh. Mhaígh Richard Satchwell gur mharaigh sé Tina Satchwell chun é féin a chosaint, agus í ag déanamh ionsaithe air le siséal; ba ghnách léi ionsaithe a dhéanamh air, a thug abhcóidí ar son Richard Satchwell le fios le linn na trialach. Ach níor ghlac an giúire leis na hargóintí cosanta a bhí déanta ar son Richard Satchwell.

Bhí grá mór ag Tina Satchwell d'ainmhithe, a dúirt a teaghlach inniu. Ba mhaith leo, a dúirt siad,
gur mar sin a chuimhneoidh daoine uirthi

Gearrfar príosún saoil - píonós atá éigeantach i gcás dúnmharaithe - ar Richard Satchwell Dé Céadaoin seo chugainn. Tabharfar ráiteas tionchair íospartaigh sa chúirt ar an lá sin.

Os comhair na cúirte inniu, dúirt Sarah Howard, neacht le Tina Satchwell, gur deirfiúr, aintín, col ceathrair agus iníon dílis ab ea í.

Bhí grá mór ag Tina Satchwell, a dúirt sí, d’ainmhithe agus gur as an ngrá sin ba mhaith le teaghlach Tina go mairfidh sí i gcuimhne na ndaoine.

Dúirt Sarah Howard go raibh ceartas bainte amach ar deireadh ag a teaghlach do Tina Satchwell agus d’iarr sí ar an bpobal anois meas a léiriú ar phríobháideachas an teaghlaigh.