skip to main content

Richard Satchwell ciontach i ndúnmharú Tina Satchwell

Bhí corp Tina Satchwell curtha faoin staighre ina teach cónaithe. Níor thángthas air go dtí sé bliana go leith tar éis do Richard Satchwell é a chur ansin
Bhí corp Tina Satchwell curtha faoin staighre ina teach cónaithe. Níor thángthas air go dtí sé bliana go leith tar éis do Richard Satchwell é a chur ansin

Tá Richard Satchell faighte ciontach i ndúnmharú a mhná céile, Tina, ina dteach cónaithe in Eochaill i gContae Chorcaigh sa bhliain 2017.

Phléadáil sé neamhchiontach sa dúnmharú, a tharla tráth éigin ar 19 nó 20 Márta 2017. Chuir sé tuairisc faoi bhráid na nGardaí ar 24 Márta go raibh Tina Satchwell ar iarraidh

Fuarthas corp Tina Satchwell curtha faoi shraith suiminte faoin straighre i dteach cónaithe na lánúine mí Dheireadh Fómhair 2023.

Chaith an giúire sa Phríomhchúirt Choiriúil naoi n-uaire go leith i mbun machnaimh
sular fógraíodh an breithiúnas go bhfuil Richard Satchwell ciontach i ndúnmharú Tina Satchwell

Mhair an triail ceithre seachtaine agus thug breis agus 50 finné fianaise lena linn. Chaith an giúire naoi n-uaire go leith i mbun machnaimh sular fógraíodh an breithiúnas.

I ndiaidh don tiománaí trucaile, 58, tuairisc a chur faoi bhráid na nGardaí go raibh a bhean chéile ar iarraidh, d'inis Richard Satchwell bréaga arís agus arís eile do chairde agus do theaghlaigh Tina Satchwell, do na meáin agus do na Gardaí féin gur fhill sé abhaile i ndiaidh dó teachtaireachtaí a dhéanamh agus go raibh Tina Satchwell imithe, agus €26,000 dá dtaiscí tógtha léi in airgead tirim i mála.

Bhí cónaí ar Richard agus Tina Satchwell ar Shráid Grattan in Eochaill i gCorcaigh

D’imigh sé bliana go leith tharainn ó tháinig na Gardaí ar thaisí daonna Tina Satchwell sa teach ar Shráid Grattan in Eochaill ina raibh cónaí orthu.

Rinne na Gardaí cuardach roimhe seo sa teach i 2017, ach ní bhfuarthas an corp.