Tá sé tugtha le fios ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill gur éirigh triúr ball de bhord Shláinte Leanaí Éireann as a gcúram ar maidin inniu.
Bhí an triúr ina mbaill den bhord ó 2018 agus is poist dheonacha a bhí acu.
Is iad an triúr an Dr Gavin Lavery, Brigid McManus agus Catherine Guy.
D'éirigh ball eile den bhord, Mary Cryan, d'éirigh sí as an tseachtain seo caite.
Baineann an scéal leis an gconspóid faoi roinnt cleachtas cliniciúil in Ospidéal na Leanaí, Sráid Temple agus in Ospidéal Náisiúnta Ortaipéideach na Ceapaí.
I dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúradh go ndearnadh obráidí cromán ar leanaí sa dá ospidéal sin nuair nár ghá.
Idir 60% agus 80% de na hobráidí cromán a rinneadh ó 2021 go dtí 2023 a bhí i gceist.
Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt Jennifer Carroll MacNeill go raibh amhras uirthi faoi chúrsaí rialachais i Sláinte Leanaí Éireann agus faoin treo atá faoin eagraíocht.
Thug sí le fios freisin nach raibh sé d'údarás aicise mar Aire Sláinte iarraidh ar dhaoine éirí as bord na heagraíochta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ